Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na Talún Portaigh a chur chun cinn?

  • Más garraíodóir nó dearthóir tírdhreacha thú, cén fáth nach smaoineofá ar múirín gan mhóin a úsáid? Is féidir múiríní gan mhóin a fháil in ionaid gharraíodóireachta ar fud na tíre.
  • Déan dramhaíl ghairdín/chistine a athchúrsáil chun do mhúirín féin a dhéanamh. Más rud é go gcuireann d’údarás áitiúil ‘araid dhonn’ ar fáil le dramhaíl chistine a chur ann, bain úsáid aisti!
  • Mura bhfuil ceann agat, d’fhéadfá múiríniú baile a thriail. D’fhéadfadh carn múirín a bheith agat ag bun an ghairdín nó d’fhéadfá do choimeádán múirín féin a dhéanamh nó a cheannach. Is féidir tuilleadh a fháil amach faoi mhúiríniú ar go leor de na láithreáin ghréasáin atá ag údaráis áitiúla.
  • Tacaigh le grúpaí caomhnúcháin atá ag obair chun Portaigh a Shábháil
  • Chun tuilleadh eolais a fháil ar phortaigh, téigh chuig http://www.ipcc.ie/

 

Ar ais chuig an gclár Éagsúlacht Gnáthóg