Cosáin Siúil in Éirinn

Téigh amach agus bain taitneamh as an bhfiadhúlra, na gnáthóga agus an tírdhreach atá ar fáil in Éirinn. Breathnaigh ar chuid de na hacmhainní ar líne thíos a thugann saibhreas eolais ar chosáin rothaíochta agus siúil timpeall na tíre.

Discover Ireland

Tá go leor eolais ar ghníomhaíochtaí amuigh faoin spéir in Éirinn ar shuíomh gréasáin Discover Ireland de chuid Fáilte Éireann. Roinntear na siúlóidí i gcineálacha difriúla ionas gur féidir leat rogha a dhéanamh idir shiúlóidí Lúibe aon lae agus Siúlóidí fada Slímharcáilte, siúlóidí foraoise, páirceanna náisiúnta agus cosáin oilithrigh. Cliceáil ar an leathanach ‘Ag siúl in Éirinn’ le haghaidh tuilleadh eolais a fháil. Tá roinnt siúlóidí ann a bhfuil dhá nó trí lúb le roghnú ó thús na siúlóide. Soláthraítear áiseanna cosúil le carrchlóis, cláir léarscáileanna agus láithreacha picnice ag tús gach siúlóid.

Slite Slímharcáilte na hÉireann

Ó Shlí réasúnta gearr an Chabháin 26-km go Slí Chiarraí 214km, roinntear na slite seo ina gcéimeanna le lóistín feadh na slí ionas gur féidir leat an turas a bhriseadh suas mar is mian leat. Tá 31 Slí Slímharcáilte Náisiúnta ann agus tá comharthaíocht orthu go léir le marcóirí caighdeánacha agus tá léarscáileanna agus treoirleabhair ag an gcuid is mó díobh le dul leo.

Coillte Faoin Spéir

Tá os cionn 150 suíomh coillearnaí ar fud na tíre ag Coillte, an chuideachta foraoiseachta is mó le rá in Éirinn, ar féidir le daoine a bhfuil suim acu i gcaithimh aimsire amuigh faoin spéir taitneamh a bhaint astu. Tá coillearnacha Choillte suite i roinnt de na láithreacha is áille in Éirinn agus cuireann siad áiteanna foirfe ar fáil do theaghlaigh nó do dhíograiseoirí chun dul ag siúl, ag fánaíocht nó i mbun rothaíocht sléibhe. Ar shuíomh gréasáin Coillte Outdoors tugtar deis duit láithreáin áineasa a chuardach de réir contae, nó de réir gníomhaíochta. Tá treoracha, léarscáileanna, agus tuairiscí suímh ar fad san áireamh ar an suíomh gréasáin.

Get Ireland Walking

Is é an siúl an bealach is éasca le tosú ag bogadh, le bheith gníomhach agus le sonas a chur ort féin, agus tá Get Ireland Walking anseo chun cabhrú leat tosú: Tá leideanna agus comhairle againn d’aon duine atá ag iarraidh tosú ag siúl chun aireachtáil níos fearr, agus tá an t-eolas ar fad againn atá uait chun grúpa siúlóide a thosú – ionas gur féidir leat a bheith aclaí i dteannta do chuid cairde.