Maidir le Dúil sa Dúlra

Is éard atá in Dúil sa Dúlra feachtas feasachta bithéagsúlachta na hÉireann. Is é aidhm an fheachtais feasacht a mhúscailt ar thábhacht na bithéagsúlachta agus gach duine a spreagadh páirt a ghlacadh chun í a chosaint. Is féidir le rannpháirtíocht dhearfach lenár n-oidhreacht nádúrtha agus leis an iliomad acmhainní atá ar fáil don phobal, cosúil le Páirceanna Náisiúnta, conairí siúlóide agus Tearmainn Dúlra, cuidiú le stop a chur leis an damáiste atá á dhéanamh do phlandaí agus ainmhithe na tíre, agus do na gnáthóga ina bhfuil siad ina gcónaí.

Céard is bithéagsúlacht ann?

I mbeagán focal, is ionann bithéagsúlacht agus gach uile chineál beathra ar domhan. Tá an bhithéagsúlacht ríthábhachtach ó thaobh na gcóras nó na n-éiceachóras maireachtála nádúrtha a chothú, ar córais iad lena gcuirtear bia, uisce glan, breosla, sláinte agus áiseanna eile nach iontach linn a thuilleadh ar fáil dúinn ó lá go lá.

Cén fáth a bhfuil tábhacht le bithéagsúlacht?
Athrú Aeráide agus bagairtí do bhithéagsúlacht.
Céard de a bhfuil bithéagsúlacht na hÉireann déanta suas?
Pleananna Gníomhaíochta Bithéagsúlachta.
Gluais.

Mar is féidir leat a bheith páirteach?

Faigh tuilleadh amach faoi mar is féidir leat baint a bheith agat le hoidhreacht nádúrtha i d’áit féin ar an leathanach ‘Dúlra i do Cheantar’. Is féidir le múinteoirí agus le daltaí tuilleadh a fháil amach faoi mar is féidir le scoileanna a bheith páirteach agus foghlaim faoi oidhreacht nádúrtha na hÉireann sa chuid ‘Oideachas’.