Athrú Aeráide agus bagairtí do bhithéagsúlacht

Tá an bhithéagsúlacht á cailleadh ar fud an domhain ag ráta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, agus ní haon eisceacht í Éire. Tháinig meath níos sciobtha ar an mbithéagsúlacht le 50 bliain anuas ná mar a tháinig riamh roimhe seo i stair an duine, agus tá gníomhaíochtaí an duine ag cur le rátaí méadaithe díothaithe.

Is iad na príomhchúiseanna atá le caillteanas bithéagsúlachta in Éirinn:

  • Scriosadh gnáthóige (de thoradh draenáil nó inlíonadh tógála agus bogach, mar shampla)
  • Speicis choimhthíocha ionracha (amhail Glúineach Bhiorach agus Diúilicín Riabhach)
  • Truailliú (de dheasca úsáid barraíocht leasúcháin, mar shampla, a mbíonn an iomarca cothaitheach san ithir agus san uisce mar thoradh air)
  • Athrú ar an úsáid a bhaintear as an talamh (amhail talamh a athoiriúnú chun talamh foraoiseachta plandála nó talamh talmhaíochta a dhéanamh de)
  • Tomhaltas neamh-inbhuanaithe agus iomarcach
  • Athrú Aeráide (féach an Cás-Staidéir)

Ar Aghaidh: Céard de a bhfuil bithéagsúlacht na hÉireann déanta suas?