Ionaid Oideachais NPWS

Tá sé mar aidhm ag Ionaid Oideachais NPWS feasacht a mhúscailt ar an domhan nádúrtha agus a thábhachtaí atá sé ár mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a chosaint. Is féidir leis na cláir oideachais a bheith éagsúil ó ionad go hionad. Faigh tuilleadh eolais faoi gach ceann dár n-ionaid trí chliceáil ar na marcóirí léarscáile thíos nó, de rogha air sin, ar liosta iomlán Ionaid Oideachais NPWS.

Áirítear i measc na gníomhaíochtaí sna hionaid oideachais

  • Cláir Feasachta Nádúrtha do bhunscoileanna.
  • Obair allamuigh éiceolaíochta agus tíreolaíochta do mheánscoileanna.
  • Gníomhaíochtaí do ghrúpaí (Gasóga, scor gníomhach, riachtanais speisialta etc.)
  • Grúpaí agus Campaí na Scéime Samhraidh.
  • Imeachtaí speisialta agus turais don phobal.
  • Clár for-rochtana do scoileanna.
  • An Clár Discover Primary Science.
  • Grúpaí & Cumainn Phobail do dhaoine fásta.
  • Oiliúint do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do cheannairí maidir leis an mbealach eolas faoin dúlra agus faoin timpeallacht a chur in iúl agus a roinnt le leanaí.