Oideachas

Fáilte chuig na leathanaigh Oideachais de chuid Dúil sa Dúlra.

B’fhéidir nach mbíonn sé éasca cinneadh a dhéanamh conas, cathain nó cá háit le tosú agus an bhithéagsúlacht a mhíniú do dhaltaí nó do leanaí agus mar sin chuireamar na leathanaigh seo i dtoll a chéile chun cabhrú leat tabhairt faoi.

Áirítear sa chuid Dúil sa Dúlra do leanaí acmhainní agus naisc atá deartha le bheith sothuigthe do leanaí agus daoine óga a spreagadh suim a ghlacadh sa dúlra agus sa bhithéagsúlacht, sa bhaile agus níos faide i gcéin.

Ionad Oideachais

Áit mhaith le tosú ná chun breathnú ar na hIonaid Oideachais agus Seirbhísí do Chuairteoirí de chuid an NPWS ar fud na tíre.

Cuireann na hionaid seo cláir staidéir allamuigh agus feasacht dúlra ar fáil do scoileanna agus do ghrúpaí leasmhara eile.

Aimsigh Ionad Oideachais in aice leat.