Anaclanna Dúlra

Tá anaclanna dúlra ann ar fud na hÉireann, agus tá go leor díobh oscailte don phobal. Is ionann Anaclann Dúlra agus limistéar a bhfuil tábhacht d’fhiadhúlra ag baint leis, atá faoi chosaint de réir Ordú ón Aire. Tá an chuid is mó díobh faoi úinéireacht an Stáit. Mar sin féin, tá cuid díobh faoi úinéireacht eagraíochtaí nó úinéirí talún príobháideacha, agus is féidir le daoine a bhfuil spéis acu cosaint reachtúil a fháil don talamh atá acu comhairle a lorg ón Roinn ina leith sin.

Cliceáil ar na marcóirí mapa thíos chun faisnéis a fháil ar na suíomhanna ar leith.