Acmhainní do Scoileanna

Zú Bhaile Átha Cliath

Tá raon leathan taithí ag an bhfoireann oideachais ag Zú Bhaile Átha Cliath maidir le scéalta fiadhúlra agus bithéagsúlachta a chur in iúl, ag baint úsáid as réimse clár foghlama bunaithe ar ghníomhaíochtaí. Cliceáil ar dheilbhín Zú Bhaile Átha Cliath chun tuilleadh eolais a fháil.

An Chomhairle Oidhreachta

Soláthraíonn an Scéim Oidhreachta sna Scoileanna painéal de 175 speisialtóirí oidhreachta chun cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna ar fud na tíre. Cuimsíonn réimsí saineolais na speisialtóirí idir ialtóga agus míolta móra, na Lochlannaigh agus stair an aráin, scéalaíocht agus damhsa traidisiúnta, déanamh gualaigh agus oidhreacht mhíleata, gan ach roinnt a lua.

Something Fishy

Is clár é Something Fishy atá dírithe ar rang a cúig agus ar rang a sé sa Bhunscoil. Is é an aidhm atá le Something Fishy ná eolas agus oideachas a chur ar dhaltaí maidir le cáilíocht uisce, éisc agus an comhshaol. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gclár seo, níl le déanamh ach cliceáil ar an éiscín!!

Scoileanna Glasa na hÉireann

Is clár oideachais comhshaoil idirnáisiúnta agus scéim dámhachtana é Scoileanna Glasa lena gcuirtear chun cinn agus lena n-aithnítear gníomhaíocht fhadtéarmach scoile uile ar son an chomhshaoil. Tá an NPWS ag tacú leis an téama is déanaí i gClár na Scoileanna Glasa. Cliceáil ar an lógó chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár Scoileanna Glasa na hÉireann.

Resources 4 Rethinking

Is tionscadal é Resources for Rethinking a d’fhorbair Learning for a Sustainable Future, comhlacht neamhbhrabúis de chuid Cheanada. Cuirtear rochtain ar fáil leis do mhúinteoirí ar phleananna ceachta, aonaid churaclaim agus acmhainní teagaisc eile a chomhtháthaíonn réimsí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha trí fhoghlaim atá idirdhisciplíneach agus dírithe ar ghníomh. Tugtar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe nó ESD ar an bhfoghlaim seo.

Cairde Éanlaith Éireann do leanaí

Tá neart tionscadal spéisiúil agus neart faisnéise ar shuíomh gréasáin Chairde Éanlaith Éireann d’oideachasóirí agus do leanaí araon. Níl le déanamh ach cliceáil ar an deilbhín chun dul go dtí an leathanach gréasáin.