Beartas Meán Sóisialta

Cé muid:

Tá suíomh gréasáin Dúil sa Dúlra á riar ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (cuid de Rannóg Oidhreachta na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta). Má leanann tú muid, is féidir leat a bheith ag súil le postálacha agus / nó tvuíteanna a chlúdaíonn raon leathan saincheisteanna a bhaineann le hoidhreacht nádúrtha agus feasacht bithéagsúlachta chomh maith le hobair an NPWS agus ár máthair-Roinn, lena n-áirítear na nithe seo a leanas (ach gan a bheith teoranta dóibh):

  • Tionscnaimh feasachta agus imeachtaí atá maoinithe i bpáirt nó go hiomlán ag an Roinn nó ag gníomhaireachtaí Stáit eile.
  • Nuashonruithe ar shonraí NPWS agus ar sheirbhísí GIS.
  • Eolas faoi imeachtaí de chuid NPWS/ An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
  • Foláirimh faoi ábhar nua ar ár suíomh gréasáin agus ar shuíomh gréasáin NPWS, npws.ie.
  • Faisnéis phraiticiúil eile ar sheirbhísí atá ar fáil tríd an NPWS agus/nó an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta.
  • Naisc chuig faisnéis ó eagraíochtaí nó faoi eagraíochtaí eile, poiblí agus príobháideach, san earnáil Oidhreachta.

Na cuntais a bhíonn á leanúint againn:

Tabhair ar aird, má leanann tú muid, tá seans ann nach leanfaimid ar ais tú. Déanaimid ar an mbealach seo é chun cabhrú lenár leantóirí cuntais Twitter eile atá á leanúint againn a aithint, mar shampla Ranna eile Rialtais agus gníomhaireachtaí cur chun cinn stáit, Tithe an Oireachtais, institiúidí Eorpacha ábhartha agus cuntais a bhfuil baint ar leith acu le hoidhreacht na hÉireann.

Freagraí agus Teachtaireachtaí Díreacha

Cé go gcuirimid fáilte roimh aiseolas agus smaointe ónár leantóirí go léir, ní féidir linn freagra a thabhairt ar bhonn aonair ar theachtaireachtaí a fhaighimid trí Twitter. Is é an bealach is fearr chun fiosrúchán a chur in iúl dúinn ag Dúil sa Dúlra ná an seoladh ríomhphoist biodiversitypolicy@npws.gov.ie a úsáid.

Ná cuir faisnéis phearsanta/phríobháideach isteach i do chuid tvuíteanna chugainn, le do thoil.

Atvuíteanna

Ní dhéanfaimid ach faisnéis atá ag teacht le treoirlínte na Roinne a atvuíteáil. Níor cheart féachaint ar atvuíteanna mar fhormhuiniú faisnéise.

Infhaighteacht

B’fhéidir nach mbeadh Twitter ar fáil ó am go chéile agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as easpa seirbhíse mar gheall ar aga neamhfhónaimh Twitter.

Mar thoradh ar thvuíteanna maslacha nó turscair cuirfear bac ar leantóirí agus déanfar gearán fúthu díreach le Twitter.