Céard de a bhfuil bithéagsúlacht na hÉireann déanta suas?

Eascraíonn bithéagsúlacht na hÉireann, den chuid is mó, as éagsúlacht shuntasach na geolaíochta atá inti – an bhuncharraig atá faoi bhun an tírdhreacha. Is é seo a chuir cruth ar an tírdhreach, leis na sléibhte, aibhneacha agus an cósta atá an-ilchineálach atá sa tír seo. De thoradh na hilchineálachta seo, tá an-éagsúlacht i gceist sa tír ó thaobh gnáthóg de, i bhfianaise mhéid an oileáin. An dara fachtóir a imríonn tionchar ar éagsúlacht na tíre ná an aeráid shéimh thais atá againn a mbíonn meascán neamhghnách de phlandaí agus d’ainmhithe in ann maireachtáil dá bharr. I mBoirinn, Co. an Chláir, mar shampla, aimsítear plandaí Artacha Alpacha taobh le speicis atá níos coitianta i dtíortha na Meánmhara.

Ar Aghaidh: Pleananna Gníomhaíochta Bithéagsúlachta