Pleananna Gníomhaíochta Bithéagsúlachta

D’fhéadfadh sé a bheith ina chabhair duit Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta (PGB) a chruthú do d’eagraíocht chun pleanáil, bainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar na gnáthóga ar do láithreán. Is ionann Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta agus bealach le d’acmhainní a bhainistiú chun cur le caomhnú na bithéagsúlachta nó an fhiadhúlra trí phleananna bainistithe a fhorbairt do d’eagraíocht. Go bunúsach, is ionann PGB agus córas bainistithe do do láithreán agus is féidir é a chomhtháthú sa Chóras Bainistithe Comhshaoil atá ag an eagraíocht. Cuidíonn córas bainistithe chun baol a laghdú and chun an oiread leas agus is féidir a bhaint as deiseanna ar bhealach pleanáilte.

Trí PGB a fhorbairt do do ghabháltas, cuirtear plean bainistithe ar fáil duit a chabhróidh leat na nósanna imeachta cearta a chur i bhfeidhm chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú ar do láithreán.

Is féidir PGB a fhorbairt sa bhealach seo a leanas:

Athbhreithniú Timpeallachta

Trí athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí d’eagraíochta ó thaobh na bithéagsúlachta agus acmhainní de, is féidir le d’eagraíocht na háiteanna a bhfuil athrú ag teastáil uathu agus na tionchair a d’fhéadfadh d’eagraíocht a bheith ag imirt ar an gcomhshaol a scrúdú. Mar shampla, do pholasaí soláthair i ndáil le hadhmad agus troscán; athchúrsáil agus éifeachtúlacht fuinnimh.

Suirbhé Láithreáin

Ba cheart suirbhé láithreáin a dhéanamh leis na cineálacha gnáthóg agus speiceas atá ann a aithint agus le cinneadh cibé a bhfuil gníomhaíochtaí nó polasaithe na cuideachta ag imirt tionchar ar na láithreáin nó na gnáthóga seo.

Plean Gníomhaíochta a Fhorbairt

Ba cheart go dtabharfaí achoimre ar spriocanna agus ar aidhmeanna sa phlean, mar aon leis na gníomhartha agus acmhainní ábhartha a theastódh chun aidhmeanna a bhaint amach. Go hiondúil, is iad na nithe seo a leanas a bheadh san áireamh i bPlean Gníomhaíochta:

  • Feabhas a chur ar chaomhnú dúlra ar an láithreán
    Tá go leor rudaí éagsúla ar féidir a dhéanamh chun líon níos mó speiceas a mhealladh chuig do láithreán, agus sa chaoi sin, tarraingteacht agus luach bithéagsúlachta do láithreáin a mhéadú.
  • Speicis dhúchasacha a thabhairt isteach
    Cuirfear cuma níos nádúrtha ar do láithreán trí mheascán de phlandaí agus de chrainn dhúchasacha a chur, agus leis sin, meallfar tuilleadh den fhiadhúlra áitiúil, amhail éin, feithidí agus mamaigh bheaga.
  • Cabhraigh leis an bhfiadhúlra áitiúil
    Is féidir é seo a bhaint amach trí bhoscaí éan agus beathaitheoirí, boscaí ialtóg agus boscaí feithidí a chur in airde chun foscadh a chur ar fáil do raon leathan ainmhithe.
  • Bainistiú Gnáthóg
    Cuirtear gnáthóg ar leith ar fáil do raon leathan éan, ainmhithe agus feithidí i mbogaigh, mar shampla. Má tá limistéir bhogaigh ar bith ar do láithreán, b’fhiú go mór iarracht a dhéanamh an acmhainn éiceolaíochta atá ann a fhorbairt chun cur leis an mbithéagsúlacht. Má tá limistéir choillearnaí ann, tá rudaí áirithe ann is féidir a dhéanamh chun cur leis an mbithéagsúlacht. Trí chairn d’adhmad marbh a fhágáil amuigh i rith an gheimhridh, is féidir foscadh nádúrtha a chur ar fáil do go leor feithidí, agus dá réir sin, beidh sé sin ina fhoinse bia d’éin. Agus féarach á bhainistiú agat, déan iarracht gan leasú a úsáid nó fág limistéir móinéir ionas go mbeidh deis fáis ag níos mó speiceas. Má úsáideann tú meascán bláthanna fiáine, cinntigh gur bláthanna dúchasacha iad. Ná cuir speiceas a d’fhéadfadh a bheith ionrach e.g. Glúineach bhiorach agus Ródaideandrón.

Rannpháirtíocht na foirne

Méadófar feasacht agus sprid na foirne má dhéantar an fhoireann a spreagadh le bheith rannpháirteach i gcaomhnú agus i bhforbairt na bithéagsúlachta ar an láithreán. D’fhéadadh an fhoireann a bheith in ann a bheith rannpháirteach sa phobal áitiúil tríd an taithí atá aici ar obair chaomhnaithe agus a bheith ag obair le speicis dhúchasacha a roinnt. Trí seo a dhéanamh is féidir le do chuideachta / d’eagraíocht rud éigin dearfach a thabhairt ar ais don phobal. D’fhéadfadh sé seo a bheith i bhfoirm nuachtlitreach nó lá oscailte b’fhéidir.

Athbhreithniú

Ba cheart éifeachtacht do PGB a athbhreithniú go rialta agus an PGB a athrú/leasú de réir mar a theastaíonn d’fhonn a éifeachtacht a choimeád. Ba cheart taifid de na hathbhreithnithe tréimhsiúla seo a choinneáil chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn.

Ar Aghaidh: Gluais