Cén fáth a bhfuil tábhacht le bithéagsúlacht?

Is é an bhithéagsúlacht bunús bheatha an duine, an córas a thacaíonn leis an mbeatha. Déanann éiceachórais próisis aeráide a rialú, fuíollábhar a bhriseadh síos agus cothaithigh a athchúrsáil, uisce a scagadh agus a íonghlanadh, cosaint a chur ar fáil i gcoinne tuilte, torthúlacht na hithreach a choimeád, an t-aer a íonú agus acmhainní nádúrtha amhail adhmad, teicstílí agus, dar ndóigh, bia a chur ar fáil. Bíonn gach cineál talmhaíochta ag brath go bunúsach ar an mbithéagsúlacht, mar a bhíonn acmhainní bia mara agus fionnuisce.

Má leantar leis an gcaillteanas bithéagsúlachta seo, caillfear na seirbhísí riachtanacha a chuirtear ar fáil leis an mbithéagsúlacht agus ní bheidh an ghné ríthábhachtach den saol ann do na glúnta amach anseo.

Déantar achoimre sa tábla thíos, a cuireadh in oiriúint ón Millennium Ecosystem Assessment, ar choincheap na seirbhísí éiceachórais agus tarraingítear aird ann ar an tábhacht a bhaineann le bithéagsúlacht shaibhir agus comhshaol sláintiúil a choimeád.

TacúSolátharRialáilCultúr
Timthriall Cothaitheach
Táirgeadh Príomhúil
Foirmiú Ithreach
Bia
Fionnuisce
Adhmad agus Snáithín
Breosla
Rialáil Aeráide
Rialáil Tuilte
Rialáil Galar
Íonú Uisce
Aeistéiliúil
Spioradálta
Oideachasúil
Áineasa

Bithéagsúlacht & Sláinte

Is ionann éagsúlacht na mbeathachruthanna agus an bealach atá ag an dúlra seiceálacha a chur i bhfeidhm, chun smacht a choinneáil ar lotnaidí agus víris a bhíonn ina gcúis le galair. Tá sé riachtanach aer úr agus uisce glan a bheith ann ar mhaithe le sláinte an duine. Tá úisc agus díorthaigh ó phlandaí mar bhonn don chuid is mó de chógais leighis thraidisiúnta agus do go leor cógais nua-aimseartha freisin. I láthair na huaire, bíonn breis is 3 billiún duine ag brath ar chógais phlandabhunaithe dá bpríomhchúram sláinte. Le caillteanas na bithéagsúlachta ar fud an domhain, d’fhéadfaimis a bheith ag cailleadh speicis plandaí ríthábhachtacha nár aimsíodh go fóill, speicis arbh fhéidir a úsáid chun galair a throid, amhail an ailse.

Bithéagsúlacht & Talmhaíocht

Cuirtear soláthar bia ilchineálach ar fáil de thoradh na bithéagsúlachta, rud a theastaíonn ar mhaithe le cothú cothrom an duine. Tá ríthábhacht ag baint le bithéagsúlacht ghéiniteach a chaomhnú lena chinntiú gur féidir plandaí agus ainmhithe baile a chur in oiriúint le go mbeadh siad faoi bhláth i gcoinníollacha áitiúla.

Bithéagsúlacht & Gnó

Bíonn gnólachtaí ag brath ar acmhainní bitheolaíochta an domhain amhail uisce glan agus amhábhair ina ngnéithe agus ina seirbhísí riachtanacha ó thaobh fheidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí laethúla. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh soláthar inbhuanaithe ann i gcás na n-acmhainní seo chun fás eacnamaíochta a chinntiú.

Ar Aghaidh:Athrú Aeráide agus bagairtí do bhithéagsúlacht