Talamh Portaigh

Déantar gnáthóga talún portaigh a fhoroinnt ina ndá phríomhchineál – portaigh agus eanaigh. Is ionann portaigh agus talamh portaigh báisteach-chothaithe, áit arb as frasaíocht a thagann nach mór gach uile chuid den uisce a théann isteach, agus ar an taobh eile is ionann eanaigh agus talamh portaigh a chothaítear ag screamhuisce nó uisce dromchla gluaisteach mar aon le frasaíocht. Ar an dá phríomhchineál portach atá ann in Éirinn, tá portaigh ardaithe agus bratphortaigh.

I dtús ama, bhí os cionn 17% den talamh in Éirinn clúdaithe ag talamh portaigh – cion níos airde ná tír Eorpach ar bith eile seachas an Fhionlainn. Is gnáthóg é an talamh portaigh, mar aon leis an gcnuasach plandaí agus ainmhithe ar leith atá ann, atá go mór i mbaol in iarthar na hEorpa. Tá 8% de bhratphortach an domhain ar fáil in Éirinn agus tá sí ar cheann de na tíortha ina bhfuil réimse leathan talún portaigh fós agus iad i riocht atá gar dá riocht nádúrtha. Is gnáthóg é an talamh portaigh, áfach, mar aon leis an gcnuasach plandaí agus ainmhithe ar leith atá ann, atá go mór i mbaol in iarthar na hEorpa. Tá níos mó ná 80% den mhéid a bhí in Éirinn roimhe seo caillte.

Bratphortach
Bratphortach
Portach Ardaithe Díghrádaithe
Portach Ardaithe Díghrádaithe

I measc na ngnáthphlandaí portaigh, tá caonaigh móna, luachra agus seiscí, ceannbhán, fraoch mór, lus na móinte, sciollam na móna agus drúchtín móna. Tá go leor speiceas neamhchoitianta de phlandaí agus d’ainmhithe atá cosanta ina gcónaí i bportaigh, amhail an magairlín, an frog coiteann, an giorria Sléibhe Éireannach, an dobharchú, cromán na gcearc, an ghé bhánéadanach Ghraonlannach, an seabhac gorm, an fheadóg shléibhe agus an meirliún. De bharr sin, is gnáthóg fhíorthábhacht é an portach ó thaobh na bithéagsúlachta de.

Frog Coiteann
Frog Coiteann
An Giorria Sléibhe Éireannach
An Giorria Sléibhe Éireannach

In ainneoin an stádais ar leith atá acu, tá talamh portaigh na tíre seo fós faoi bhagairt ag nithe éagsúla lena n-áirítear sleádóireacht bhaile, scéimeanna bainte móna meicnithe ar scála mór, foraoisiú ceantair sléibhe, draenáil, ró-innilt agus dó leantach.

Úsáidtear móin ghairneoireachta, ar a dtugtar caonach móna go hiondúil, mar mhúirín i ngarraíodóireacht agus i dtírdhreachú agus is as an tsraith uachtarach de phortach ardaithe a fhaightear iad. Déantar 66% de chaonach móna a bhaintear as portaigh ardaithe a chur i málaí agus baintear úsáid as i ngairdíní príobháideacha. Is ionann úsáid a bhaint as múirín móna agus ceann de na gníomhaíochtaí is mó a dhéanann dochar don chomhshaol ar féidir leis an ngarraíodóir a dhéanamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Thalamh Portaigh, lena n-áirítear cineálacha talún portaigh in Éirinn, speicis spéisiúla agus neamhchoitianta a luaitear le talamh portaigh, eolas ar mar a chruthaítear talamh portaigh, an reachtaíocht lena gcosnaítear talamh portaigh agus cás-staidéir ar phortach Chlóirthigh, íoslódáil Bileog Eolais Dúil sa Dúlra maidir le Talamh Portaigh.

Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na Talún Portaigh a chur chun cinn?