Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na dTailte Féaraigh a chosaint?

  • Fág beagán fiántais i do ghairdín! Téigh do bhealach féin agus seachain na faichí glasa, gan fiailí atá bearrtha go néata (a dteastaíonn go leor leasacháin agus fiailnimhe uathu) nó dromchlaí i do ghairdín nach mbíonn mórán aire le tabhairt dóibh, roghnaigh gairdín bláthanna fiáine nach mbíonn mórán le déanamh leis. Bí cinnte go bhfaigheann tú na síolta go háitiúil. Labhair le Seed Savers faoi díoltóirí ceadaithe.
  • Más i mbun feirmeoireachta atá tú, cloí le Dea-Chleachtas Feirmeoireachta agus má bhíonn tú i mbun feirmeoireachta laistigh de limistéir faoi chosaint, pléigh bainistiú feirme le do mhaor fiadhúlra áitiúil chun teacht ar chóras a oireann duitse agus don fhiadhúlra!
  • Smaoinigh ar chlárú do REPS, an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe. Téigh chuig http://www.agriculture.gov.ie/ chun sonraí a fháil.
  • Fág stráicí fiadhúlra le himeall gort.
  • Déan gnéithe sa tírdhreach amhail claíocha cloiche, crainn agus fálta sceach a cheiliúradh. Ní hamháin go gcuirfidh siad gné fhísiúil dhearfach leis an tírdhreach, cuirfidh siad gnáthóga éagsúla ar fáil a chuirfidh le héagsúlacht na bplandaí agus na n-ainmhithe.
  • Sa chás go gcaillfear talamh féaraigh atá lán de speicis de bharr obair thógála, bailigh síolta agus scraitheanna agus cruthaigh gnáthóg dá leithéid in aice láimhe.
  • Coinnigh stráicí feadh bruacha aibhneacha chun a chinntiú go gcoinnítear conair fhiadhúlra.

Ar ais chuig an gclár Éagsúlacht Gnáthóg