Tailte Féaraigh

Bláthanna Fiáine

Tá breis is 60% d’Éirinn clúdaithe le talamh féaraigh de chineál amháin nó de chineál eile agus ní áirítear limistéir atá clúdaithe ag barra bliantúla, galfchúrsaí agus faichí air sin. Tá tábhacht eacnamaíochta ag baint le tailte féaraigh d’Éirinn ó tharla gurb ionann iad agus cuid mhór de tháirgeadh talmhaíochta na tíre agus ó tharla go gcuireann siad limistéir riachtanacha ar fáil do chúrsaí taitneamhachta agus do thurasóireacht.

Chomh maith leis an tábhacht eacnamaíochta a bhaineann le cineálacha tailte féaraigh tá roinnt cineálacha tailte féaraigh ann freisin a mbaineann luach caomhnaithe leo agus a thacaíonn le pobail plandaí agus ainmhithe iléagsúla, atá lán de líon speiceas plandaí agus inveirteabrach araon. Áirítear tailte féaraigh cailcreacha atá lán de mhagairlíní, machairí le cósta, tailte féaraigh atá lán de speicis agus atá neodrach, agus tailte féaraigh fliucha amhail calaí na Sionainne.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Thailte Féaraigh in Éirinn, speicis agus an reachtaíocht lena gcosnaítear tailte féaraigh, íoslódáil Bileog Eolais Dúil sa Dúlra maidir le Tailte Féaraigh.

Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na dTailte Féaraigh a chosaint?