Fálta Sceach

Mar gheall nach bhfuil ach beagán foraois dhúchasach againn in Éirinn, is tábhachtach an ról atá ag an bhfál sceach ina ionadaí ar an ngnáthóg ar imeall coillearnaí. Tá an chuid is mó de na fálta sceach ann mar gheall gur cuireadh iad, agus is iondúil go dtugann siad le fios an áit a bhfuil an teorainn idir goirt nó teorainn na maoine. Is minic a gcothaítear go leor crainn agus toir dhúchasacha agus neamh-dhúchasacha iontu, lena n-áirítear an fhuinseog, an crann coill, an crann feá, an crann troim agus an tsaileach, cuid díobh a d’fhéadfadh a bheith ann ina gcrann ard anseo is ansiúd. Is minic a bhíonn plandaí dreaptha istigh sna fálta sceach, amhail eidhneán agus an féithleann. Cothaítear réimse leathan speiceas feithidí, éan agus mamach iontu agus cuirtear líonraí ar fáil leo trínar féidir le hainmhithe bogadh ó ghnáthóg go gnáthóg ar bhealach slán sábháilte. Ar na bagairtí is mó ar fhálta sceach tá bainistiú mí-oiriúnach agus glanadh fálta sceach ar mhaithe le talamh a fhorbairt agus leathadh talmhaíochta.

Fál Sceach Nádúrtha
Fál Sceach Nádúrtha
Fál Sceach a Cuireadh
Fál Sceach a Cuireadh

Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na bhFálta Sceach a chur chun cinn?