Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na bhFálta Sceach a chur chun cinn?

Má tá imní ort mar gheall ar ghníomhaíochtaí i do cheantar a dhéanann dochar d’fhálta sceach, is féidir na sonraí a thuairisciú don Gharda Síochána nó don Mhaoirseoir Fiadhúlra áitiúil, a mbeidh tú in ann a aimsiú san eolaí teileafóin.

  • Nuair a bhíonn fál nua á chur agat, tá sé tábhachtach go n-úsáideann tú speiceas dúchasach a fhástar as foinse síolta dhúchasach. Bain úsáid as síolta a fuarthas go háitiúil.
  • Má tá fálta sceach ar do mhaoin, ba cheart duit teicnící bainistithe cuí a bhreithniú. Gan bainistiú athginiúnach cuí, beidh go leor de na fálta atá againn á gcailleadh againn sula i bhfad de bharr na seanaoise. Is ionann ceird thraidisiúnta cuir fálta agus modh éifeachtach athnuachana. Is féidir faisnéis maidir le bainistiú cuí fálta a aimsiú ar láithreán gréasáin Teagasc.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Fhálta Sceach, lena n-áirítear speicis spéisiúla a bhaineann le fálta sceach, an bealach le fálta sceach a bhainistiú i gceart, na bagairtí ar fhálta sceach agus an reachtaíocht lena gcosnaítear fálta sceach, íoslódáil Bileog Eolais Dúil sa Dúlra maidir le Fálta Sceach.

Ar ais chuig an gclár Éagsúlacht Gnáthóg