Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht Mhuirí a chosaint?

  • Déan do chuid bruscair a dhiúscairt mar is ceart. D’fhéadfadh bruscar a chríochnaíonn san fharraige dochar a dhéanamh do gheolbhaigh iasc agus uaireanta ceapann turtair gur smugairle róin atá ann nuair is mála plaisteach atá ann i ndáiríre. Is é an smugairle róin an cineál bia is fearr leis an turtar, agus tachtfar é má dhéanann sé iarracht an mála plaisteach a ithe. Chonacthas turtair ar chósta na hÉireann le blianta beaga anuas, agus mar gheall go ndéanfaidh bruscair, amhail málaí plaisteacha, cianturas sna sruthanna farraige, is fadhb mhór é seo.
  • Seachain iasc a ithe nuair atá an cineál sin éisc i mbaol a mheatha de dheasca ró-iascaireachta. Dá laghad éileamh poiblí ar éisc atá ann, is amhlaidh is fearr é. Ceannaigh éisc atá flúirseach ina ionad sin, nó ceannaigh ó stoic inbhuanaithe thar lear.
  • An bealach is fearr le foghlaim meas a bheith agat ar bhithéagsúlacht mhuirí na hÉireann ná chun dul agus í a fheiceáil le do dhá shúil féin. Foghlaim conas tumadóireacht a dhéanamh ag ionad nó club tumadóireachta gar do do bhaile féin.
  • Bí rannpháirteach i ngrúpaí caomhnaithe muirí agus tacaigh leo, grúpaí amhail an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna. Eagraítear turas fairtheoireachta míolta móra ar bhonn rialta.

Ar ais chuig an gclár Éagsúlacht Gnáthóg