Éiceachóras Mhuirí

Budún Leice

Clúdaítear thart ar 70% de dhromchla na cruinne le haigéin an domhain. Mar thoradh air sin, tá ról an-mhór acu i gcothabháil éiceachóras an domhain. Le bheith cruinn faoi, tá 51% den domhan clúdaithe ag farraigí atá níos doimhne ná 3,000m, rud a fhágann go bhfuil beathra na domhainfharraige i dtreis ar an gcuid is mó den phláinéad, cé nach bhfuil mórán eolais againn faoi (An Lárionad Domhanda um Monatóireacht Chaomhnúcháin, 1992, in Costello, 2000). Tá níos mó ar eolas againn faoi dhromchla na gealaí ná mar atá ar eolas againn faoi ghrinneall na domhainfharraige.

Tumadóir

Tá réimse leathan éisc, inveirteabrach, mamach agus éan istigh san fharraige. Ar na seirbhísí a chuireann an fharraige ar fáil dúinn tá timthriall cothaitheach, áineas, táirgeadh bia, rialú bitheolaíoch, amhábhair, rialú gáis, gnáthóga, agus go leor eile. Cuirtear 60% de na seirbhísí farraige seo ar fáil le farraigí cósta. Feidhmíonn an t-aigéan ina shlogaide agus ina mhaolán i gcoinne leibhéil dé-ocsaíde carbóin atá ag ardú, ar gné é sin a bhfuil an-tionchar aige ar théamh domhanda (Costello, 2000). Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid farraigí an domhain a bhainistiú go cúramach i bhfianaise an iomaí seirbhís a gcuirtear ar fáil dúinn leo.

Is i bhfarraigí an domhain a thosaigh beatha ar an domhan an chéad lá riamh agus tá difríochtaí bunúsacha ann i struchtúr fisiceach agus bitheolaíoch éiceachóras muirí i gcomparáid le struchtúr fisiceach agus bitheolaíoch éiceachóras talún. Tá an-éagsúlacht i gceist sna cúinsí maireachtála san fharraige idir an t-uisce éadomhain agus an t-uisce domhain, agus ó thimpeallachtaí muirí ísealfhuinnimh gó timpeallachtaí muirí ardfhuinnimh, agus dá bhrí sin, tá an-éagsúlacht i gceist leis na gnáthóga muirí atá ann feadh chósta fada na hÉireann, atá 5631km ar fad. Níl áit ar bith ann ar an talamh ina bhfuil réimse saintréithe fisiciúla dá leithéid chomh coitianta sin, agus tá sé sin ar cheann de na cúiseanna a bhfuil bithéagsúlacht chomh suntasach sin ann sna farraigí.

An Rón Beag

Go híorónta, is ionann seanlonga briste, atá le fáil ar fud an chósta, agus ceann de na príomhionaid bhithéagsúlachta muirí in uiscí na hÉireann agus in uiscí idirnáisiúnta araon. Ní haon ionadh go mbíonn an-tóir ar thumadóireacht ag longa briste i measc thumadóirí scúba na hÉireann. Cuirtear réimse leathan micreaghnáthóga ar fáil i longa briste, agus glacann créatúir mhuirí seilbh orthu, agus mar sin tá cónaí ar líon níos airde iasc, crústach, coiréalach bog agus spúinsí de chineálacha éagsúla ná mar a bheadh súil leo go hiondúil. Tá an eascann mhara ar cheann de na speicis a fheictear go minic ag gobadh amach as long bhriste. Ar an taobh eile, áfach, is minic a théann eangacha iascaireachta i bhfostú i longa briste nach eol iad a bheith ann. Is minic a tharlaíonn sé go mbeirtear ar éisc nó ar mhamaigh mhuirí fiú a chónaíonn thart ar an long bhriste sna heangacha seo i ndiaidh sin fós.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar limistéir Mhuirí in Éirinn, ar speicis agus ar an reachtaíocht lena gcosnaítear limistéir mhuirí, íoslódáil Bileog Eolais Dúil sa Dúlra maidir le Limistéir Mhuirí.

Más múinteoir thú, caith súil ar láithreán gréasáin Fhoras na Mara agus foghlaim faoin mbealach ar féidir leat domhan iontach na farraige a chur i láthair do do dhaltaí.

Léigh tuilleadh ar thionscadail taighde muirí na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht Mhuirí a chosaint?