Céard is féidir liom a dhéanamh chun cuidiú le bithéagsúlacht chósta a chosaint?

Mhachaire:
  • Seachain ró-innilt ar mhachaire mara mar go bhféadfaidh sé fíor-dhamáiste a dhéanamh do struchtúr an fhásra agus creimeadh a dhéanamh. Tá beathú breise ábalta damáiste a dhéanamh do struchtúr an fhásra ó tharla go bhfanann ainmhithe gar do na pointe beathaithe sin. Mar sin, scaip an bheatha thart ar limistéar mór nó aimsigh pointí beathaithe in áiteanna nach mbaineann tábhacht leo d’fhiadhúlra agus/nó athraigh thart na pointí sin go minic chun na tionchair a laghdú.
  • Seachain leasacháin a chur ar thalamh féaraigh Mhachaire mara. D’fhéadfadh báinseach féaraigh (a sheachnaíonn éin ghoir) a bheith mar thoradh ar leasacháin a úsáid agus d’fhéadfadh siad éagsúlacht na bplandaí agus na bhfeithidí a laghdú.
  • I gcás machaire mara atá á úsáid chun féar a fhás, bíonn tionchar ag dáta an lomtha ar an dtiocfaidh borradh faoi phlandaí a bhíonn faoi bhláth go luath sa séasúr nó faoi phlandaí a bhíonn faoi bhláth amach sa séasúr. Nuair is féidir, gearr an féar i ndiaidh an 1 Lúnasa, chun go mbeidh plandaí móinéir a dtagann bláthanna orthu amach sa séasúr ábalta síol a scaipeadh, go háirithe má bhíonn Traonach san áit. Sa chás sin, ba cheart an gort a lomadh ón lár amach. Cruthóidh innilt i ndiaidh lomtha an éagsúlacht ó thaobh struchtúir de trína dtarraingeofar an méid is mó fiadhúlra.
  • Glac páirt i scéim REPS i gcomhair talamh talmhaíochta le cósta.
  • Ná fág aon bhruscar ar thránna ná in aon áit ina aice an chósta.

D’fhéadfadh galfchúrsaí agus forbairtí amhail páirceanna carbhán atá an-ghar don chósta cur isteach ar fhorbairt nádúrtha na ngnáthóg cois cósta agus d’fhéadfadh torann agus solas cur isteach ar an bhfána áitiúil.

Ar ais chuig an gclár Éagsúlacht Gnáthóg