Cois Cósta

Is limistéir iad limistéir cois cósta atá saibhir ó thaobh bithéagsúlachta de. Is é an idirghníomhaíocht idir an ghaoth agus na tonnta is cúis leis sin, iad ag obair le chéile chun na clocha agus an gaineamh a mhúnlú agus chun réimse nideog a chruthú ina mbíonn plandaí agus ainmhithe ábalta maireachtáil. Tá réimse gnáthóg i dtailte cois cósta na tíre, ó na córais Duimhche chomónta go tailte féaraigh an mhachaire mara neamhchoitianta.

Cruthaítear dumhcha nuair a charntar gaineamh de bharr tonnghníomhaithe agus nuair a shéideann na gnáthghaotha ar talamh an gaineamh sin isteach ón gcósta. De réir mar a chruthaítear an dumhach tosaíonn an ghaoth ag imirt tionchar air trí ghráinníní gainimh a chreimeadh ó thaobh na gaoithe agus iad a shil-leagan ar thaobh an fhoscaidh. Fágann an gníomhú sin go ‘mbogann’ an dumhach isteach ón gcósta de réir a chéile, agus de réir mar a tharlaíonn sé sin carntar níos mó agus níos mó gaineamh air. Athraíonn líon na speiceas plandaí a bhaineann le dumhcha de réir mar a bhogann duine ón gcósta – ó phlandaí ceannródaithe amhail an Cearrbhacán Mara go dtí dumhcha atá clúdaithe le Muiríneach, go dtí dumhcha socra ar a bhfásann feisciú, fréamhacha tairne, léicin etc., go dtí bogaigh ar a dtugtar lagán dumhcha ar a bhfásann seiscí agus/nó an tsaileach reatha.

Trá Charraigeach

Is ionann riasc goirt agus clampa fásra a tharlaíonn i gcoinníollacha mara agus breacsháile ar láib nó móin atá fliuch, báite nó a bhíonn faoi uisce na farraige go tréimhsiúil. Faightear de ghnáth iad idir mallmhara agus rabhartaí i gcuain agus inbhir chosanta chomh maith le limistéir eile den chósta faoi fhothain. Faightear riasc goirt go fairsing feadh an chósta, ach is minic iad a bheith an-scartha ó chéile. Baineann na limistéir is mó díobh le réileáin láibe in inbhir mhóra agus lochanna farraige móra na tíre den chuid is mó, amhail Loch Farraige na Maoile Rua i gCuan na Maoile Rua, Co. Dhún na nGall.

Carraig Farraige

Is gnáthóg cois cósta fhíorshainfheidhmeach agus ghainmheach chasta é an machaire mara nach bhfuil in aon áit ar domhan ach i gcósta iarthuaisceart na hÉireann agus na hAlban. Tá siad le fáil feadh chósta an iarthair in Éirinn, ó Chuan na Gaillimhe go Cionn Mhálanna i nDún na nGall, ceantair ina mbíonn gálaí agus an ghaoth láidir go minic. Is éard atá ann ná machaire gainmheach cothrom nó a ardaíonn agus a íslíonn go réidh a fhorbraíonn i limistéir aigéanacha le haeráid fhionnuar, thais. Cruthaítear an machaire mara nuair a shéideann gnáthghaotha gaineamh cailcreach ó thránna agus ó dhumhcha agus tá sé ar cheann de na gnáthóga fiadhúlra is neamhchoitianta san Eoraip. Is gnáthóg thosaíochta é faoi Iarscríbhinn I de Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga in Éirinn, a chiallaíonn go ndéantar é a chosaint agus a chaomhnú go speisialta.

Dumha Locha

Tugtar cosaint do go leor de na gnáthóga cois cósta in Éirinn mar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Ghnáthóga Cois Cósta, speicis agus an reachtaíocht lena gcosnaítear gnáthóga cois cósta íoslódáil Bileog Eolais Dúil sa Dúlra maidir le Gnáthóga Cois Cósta.

Céard is féidir liom a dhéanamh chun cuidiú le bithéagsúlacht chósta a chosaint?