Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht Fionnuisce a chosaint?

Leis an gCreat-Treoir Uisce, tugtar spreagadh do gan saoránach, eagraíocht agus tionscal páirt ghníomhach a ghlacadh i bpleananna bainistithe a fhorbairt don Cheantar Abhantraí áirithe ina bhfuil siad. Ba cheart do ghrúpaí turasóireachta, do chumainn slatiascairí, do choistí Bailte Slachtmhara agus do mhuintir an phobail a gcuid tuairimí a chur in iúl. Téigh chuig an chuid Bainistiú Abhantraí ar an láithreán gréasáin www.gov.ie chun fáil amach mar is féidir leat a bheith rannpháirteach.

  • Ba cheart gach dabhach shéarachais a thógáil de réir na rialachán Féach ar ‘Córais Chóireála do Thithe Aonair’i Lámhleabhar na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil maidir le Cóireáil Fuíolluisce sula ndéanann tú dabhach shéarachais (féach https://www.epa.ie/ faoi Treoir Theicniúil agus faoi Cáipéisí Comhairle/Treoracha.
  • Ní mór sloda séarachais a bhaint de dhabhcha go tráthrialta le feidhmiú éifeachtach a chinntiú, agus mar sin, BÍ CINNTE é sin a dhéanamh nuair is gá!
  • Ná déan leachtanna guaiseacha tí a dhiúscairt trí iad a shruthlú síos an draein, an doirteal nó sa leithreas. Mar shampla, caolaitheoirí péinte, tuaslagóirí, ola, péint nár úsáideadh nó lotnaidicídí. Má tá amhras ort, léigh an lipéad atá ar an táirge agus seiceáil cibé a bhfuil rabhadh guaise air.
  • Cinntigh go sceitear uisce salach (as an doirteal, as an meaisín níocháin, as an miasniteoir, etc.) i séarach seachas i ndraein dromchla.
  • Tabhair abhaile do chuid bruscair leat i gcónaí. Déantar damáiste do gheolbhaigh iasc le bruscair a chríochnaíonn i sruthchúrsaí, agus is féidir láithreacha sceathraí a thachtadh leis.
  • Ar an bhFeirm – Stóráil gach substaint chontúirteach go sábháilte agus bí cúramach nach dtarlódh doirteadh ar bith de thimpiste. E.g. lotnaidicídí, táirgí tréidliachta, ola agus leasachán saorga. Sa chás go ndoirtfí substaintí contúirteacha ar bith de thimpiste, ba cheart é sin a thuairisciú don údarás áitiúla. Is ceanglas dlí é seo agus d’fhéadfadh ionchúiseamh a bheith mar thoradh ar mhainneachtain an doirteadh timpisteach nó sceitheadh uisce a thuairisciú.
  • Déan bailiú agus stóráil fhuíolluisce uile na feirme a rialú agus a bhainistiú, lena n-airítear aoileach eallaigh, sciodar eallaigh, eisilteach sadhlais, uisce salach ó chlóis, cairn aoiligh agus níocháin uachtarlainne.
  • Tá riachtanais ar leith ann faoin Treoir maidir le Níotráití maidir le stóráil agus leathú aoiligh bheostoic agus leasacháin eile. Féach ar Eolas faoi Níotráití chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar ais chuig an gclár Éagsúlacht Gnáthóg