Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na gCoillearnach a chur chun cinn?

  • Cén fáth nach gcuirfeá crann dúchasach i do chúlghairdín? Tá seans ann go bhfásfadh roinnt crann dúchasach rómhór do chúlghairdíní i gceantair bhruachbhailteacha, amhail an dair nó an fhuinseog. Bheadh crainn níos lú amhail an crann caorthainn, an bheith gheal, an crann silíní fiáin agus an crann fia-úll níos oiriúnaí do ghairdíní níos lú agus chuirfidís foinse bia ar fáil d’éin i rith an gheimhridh.
  • Mura bhfuil an spás agat crann a chur, cén fáth nach ndéanfá crann dúchasach a urrú? Tá scéimeanna urraíochta do chrainn dhúchasacha ag Comhairle Crann na hÉireann agus ag Iontaobhas na gCoillte Dúchasach.
  • Bí rannpháirteach i do cheantar áitiúil trí chrainn a chur. Cuireann go leor Údaráis Áitiúla crainn ar fáil do ghrúpaí pobail, do ghrúpaí cónaitheoirí agus do chumainn na mBailte Slachtmhara lena gcur i limistéir chonláiste. Déan teagmháil le Rannóg na bPáirceanna i d’údarás áitiúil chun tuilleadh sonraí a fháil.
  • Cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil d’úinéirí talún trí Scéim na gCoillte Dúchasach chun coillte dúchasacha atá ann cheana a chosaint agus a fheabhsú agus chun coillte dúchasacha nua a bhunú. Áirítear leis an dá ghné sin coillearnach dhúchasach ar láithreáin bhruachánach taobh le srutháin, aibhneacha agus lochanna. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón tSeirbhís Foraoiseachta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman.

Ar ais chuig an gclár Éagsúlacht Gnáthóg