Speicis Choimhthíocha Ionracha

Tá speicis choimhthíocha ionracha ar an dara baol is mó do chúrsaí bithéagsúlachta ar fud an domhain, i ndiaidh scriosadh gnáthóige.

Trí Dúil sa Dúlra tá sé i gceist ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i gcomhar le Speicis Ionracha Éireann feasacht a ardú faoin gceist seo agus daoine a spreagadh páirt a ghlacadh sa troid i gcoinne speicis choimhthíocha ionracha na hÉireann.

Cad is speicis choimhthíocha ionracha ann?

Is speicis neamhdhúchasacha iad speicis choimhthíocha ionracha a thugtar níos faide ná mar a bhféadfadh siad taisteal ó nádúr mar gheall ar ghníomhaíochtaí an duine agus a chuireann isteach ina dhiaidh sin ar na timpeallachtaí nua ina ndéanann siad coilíniú.

D’fhéadfadh speicis choimhthíocha a bheith in aon ghrúpa orgánach, lena n-áirítear éin, mamaigh, reiptílí, amfaibiaigh, miocrorgánaigh agus inveirteabraigh.

Bíonn drochthionchar ag speicis choimhthíocha ionracha ar bhithéagsúlacht na hÉireann, déantar sin trí choimhlint, luibheoireacht, creachóireacht, athrú gnáthóige, seadáin nó pataiginí a thabhairt isteach agus lagú linn na ngéinte.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin Iontaobhais Iascaigh Intíre.

Tá aip curtha le chéile ag an Aontas Eorpach chun spreagadh a thabhairt do dhaoine speicis choimhthíocha ionracha a thaifeadadh ar a ngairis mhóibíleacha. Is féidir an aip a fháil ar ghairis Android agus Apple IOS ó shiopaí aipeanna faoi seach.